School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Meáin
- XML Page 10_001
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí fhear ann fadó agus d'imthig sé amach san oidhche. Thug sé leis a ghunna go ngabhfadh sé ag marbhú lachan ar an loch. Síos "Trach 'r teach" a chuaidh sé. Bhíodh sé ag feiceál rudaí na thimcheall. Fear misnúil a bhí ann agus bhí sé an éasga. Mar sin ba chuma leis agus choinnigh sé air. Nuair a tháinig sé go dtí an loch bhí sé ag éaluighadh go réidh agus an t-urchar sa n-guna aige. Nuair a tháinig sé go dhtí an claidhe, bhreathnuig sé go réidh thairis mar d'airigh sé rud ag slapáil mar a bheadh lacha. Ach nuair a bhreathnuigh, céard a d'féicfeadh sé ach bean ag nigneacán. Bhuail faithchíos é agus d'imthigh sé leis agus é go dona le faithchíos. Bhí go leór rudaí da leanacht agus ghread sé uatha abhaile agus é ag tuitim le faithchíos. Ní ghabhfadh sé amach san oidhche ag fóglaeracht ní ba mhó.
- Collector
- Tomás Ó Fláithbheartaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ó Fláithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú an Teampaill, Co. Galway