School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Meáin
- XML Page 09_028
- XML “Bia na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)déanta gan phlúr ag an gchuid eile de na daoine, síad sin na daoine saidhbhre. Is é an chaoí a dhéantaí arán de na fataí, ná nuair a bhíodh na fataí bruithte, glantí íad agus meiltidhe leis an bplúr íad. Ní itheadh na daoine mórán feóil an t-am sin mar is amhlaidh a dhiolfaidh síad na beithidhigh. Bhíodh go leór iasg acha le n-ithe. Is é an sórt iasg é na an lang agus na runnachí. Bhíodh sé guirt agus úr aca. Nuair a thagadh laetheannta áirithe ar nós Domhnach Cásga bhíodh bhiadh áirithe ach. Nuair a thagadh Aoine an Chéasta ní chuirfeadh síad aon bhainne ar an taé. Nuair a thagadh Domhnach Cásga gheibeadh gach duine dó na trí uibheacha. Tá daoine ins an oileán seo agus is cuimhin leó nuair a tháinig tae amach ar dtús. Ní bhíodh aon chupáin aca ar dtús agus is amhlaidh a bhíodh síad dhá ól as cupán a bhíodh déanta acha feín as adhmadh.