School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inishmaan, Co. Galway
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe

Filter stories

Back
/ 10_023 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 08_008

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí athair agus mac ann fadó agus bhíodh siad ag troid gach lá in-agaidh a chéile go minic. Lá amháin shocruigh an mac ar a athair a bháitheadh mar dubairt an t-athair leis an mac nach dtúibhradh sé a fheilm dhó go ndiolfhadh sé í. Sul ar fhéad an t-athair é sin a dhéanamh dubhairt an mac leis go ngabhfhadh siad amach ag iascach agus bhí an t-athair sásta mar síl sé gur maith leis an mac é sin. Chuadar amach acht sul ar fhág an mac an teach thug sé aráin leis i ngan fhios d'on athair. Nuair a bhíodar sgathamh maith amach thosuigh siad ag iasgach agus ní rabhadar ag fághail aon iasg agus chuadheadar amach sgathamh maith sa bhfairrge. Bhuail ocras an t-athair agus ní raibh sé indan aon iomrádh a dheanamh. Bhí ocras chomh mór sin air go raibh sé go dona agus ní thuibarfadh an mac aon phiosa do'n arán dhó agus fuair sé bás leis an ocras agus chaith an mach amach sa bhfairrge é. Tháinig an mac i dtír agus bhí sé sásta. Chuaidh an mach abhaile agus bhí sé ag ithe an cháca suas roimhe go sroic sé an teach. Cúpla lá tar éis an t-athair a beith básuighthe bhíodh sé ag teacht gach oidhche sa teach agus d'imthigheadh sé arís ar a dhó dhéag a clog. Bhíodh faitchíos ar an mac agus sé go ndeanfádh sé teach dó féin agus go mbféidir nach mbeadh sé ag teacht

(continues on next page)
Collector
Micil Ó Meachair
Gender
male
Address
Carrowntemple, Co. Galway
Informant
Bartle Ó Meachair
Gender
male
Language
Irish