School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. Galway
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 07_045

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 07_045

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 07_045
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé ag cuartach raic síos, Ceann Gainme. Nuair a bhí sé ag dul síos ag an loch connaic sé fear ag dul anuas an Muirbheach agus mada in Einfeacht leis. Bhí eagla mór air. Rith sé síos treasna an lócha agus is beag nár báitheadh é. Chuaidh sé síar an tráigh agus é ag rith. Do bhreatnuigh sé na diaidh agus do chonnaic sé an mada ag snámh thríd an loch. Do rith sé síos go dtí an fhairrghe agus chonnaic se buidéal ar an tráig. Do thóig sé é agus do rith sé síos. Nuair a bhí sé ag dul síos tamall an tráigh, do chonnaic sé mada ag rith chuighe. D'aithin sé an mada 'ba é a mhada fhéin é a bháith sé cupla lá roimhe sin. Do lean an mada é tamall beag agus d'imthigh sé annsin uaidh. Do chuaidh an fear siar dtí an caladh mór. Do fuair sé barr aille annsin agus chuaidh sé suas san garraí ag glaodhac ar a driothír leis an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Donnchadha
    Gender
    Male
    Address
    Móinín na Ruaige, Co. Galway