imthighthe. An lá in na dhiadh sin chuaidh an bhean síos go céann gainimhe ag bleaghan na bó. Bhí an oidhche ag tuitim agus chonnaic sí long mhór ag teacht isteach agus nuair a bhí sí sgathamh isteach chuir sí dhá bhád bheaga isteach uaithe agus íad lán le daoine agus spáideanna aca agus thosuigh siad ag cartadh nó go raibh cuan mór déanta aca. Is é an mac a bhí i gceannas na sidheóga ann. Deirtear ón méid sin go bhfuil an caladh ann fós agus tugrar Caladh Pheadair mar ainm air ó shoin.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »
Bhí fear ann fadó ins an oileán seo agus lá fhéil Sain Seáin a bhí ann. Pait Sheaín Tom an t-ainm a bhí air an fhear. Ar maidin an lae sin chuaidh sé amach ar na creóga ag bréathnú ar raibh an féar ag fás go maith. Nuair a bhí sé ag dul suas ag an dún chonnaic sé mar bhéadh síota gaotha ag seideadh ins na treaga timcheall air. Bréathnaigh sé agus chonnaic mar
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »