School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)báisteach air agus nuair a labaran Caladh-Pheadar bíonn gála air.
(e)Nuair a bíonn an ghaoth anoir andeas bíonn aimsear bhreagh air agus nuair a bhíonn sí o thuad bíonn aimsir chruaidh fhuar air. (f) Ar maidin go moch nuair a bhíonn an t-aer thoir dearg is comara mór baisteach an lá sin agus le droch aimsir. Nuair a bhíonn dath-glas ar an spéir bíonn báisteach air. (g) Nuair a bhíonn na faoileáin ag luighe ar an talamh tirm is comara le droch aimsir é. Nuair a theigean na geabha fiadhna thart ó na tíortha ó thuad imthighean siad o'n gcruadhas. Sin comára sneachta. Bíonn an mada ag ithe féir le baistig agus bíonn an cait ag tabairt a thon d'on teine nuair a bhíonn sioc air. Bíonn an seilmidh ag snámh ar an talamh le aimsir fhliuch. Nuair a theigeann na caoirigh isteach faoí aill bíonn báisteach air.- Collector
- Nóra Ní Chonghaile
- Gender
- Female