School: Sgoil na mBuachaillí (1), Ráthdroma

Location:
Rathdrum, Co. Wicklow
Teacher:
Pádraig Ó Cuinneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1127, Page 049

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1127, Page 049

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sgoil na mBuachaillí (1), Ráthdroma
  2. XML Page 049
  3. XML “Tobar Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá tobar beannuighthe san Maoilín ar a dtugtar "Tobar Frocáin".
    Tá sé suidhte cois an bhóthair taobh istigh den claide. Tá gaineamh chomh bán le h-airgead agus idir samhradh agus geimhreadh bíonn an t-uisge chomh-fhuar.
    Deirtear go raibh teampall sa pháirc sin fadó, agus tugtar "Pairc an Teampaill" ar an bpairc sin fós.
    Tá crann sgeiche ag fás i lár na páirce agus deirtear go bhfuil uaimh fé'n gcrann agus culaith an Aifrinn san uaimh.
    Síltear gur deineadh an uaimh sin in aimsir Cromaill mar is cinnte go raibh na "Troopers" go flúirseach timcheall na h-áite, nuair a fuair an baile an ainm béarla Trooperstown, in ionad An Maoilín. Níor bhain aonne chraobh den chrannsan riamh agus go dtí an lá indiu bheadh eagla a saoghail ar na daoine bac leis. Ní bhíonn aon turas go dtí an tobar agus níor chuala go raibh riamh, Dubhradh liom go bhfaca fear éigin an Mhaighdean Muire na seasamh ós cionn an tobair fadó.

    M. ní Chuanaigh
    S.N. Maoilín
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    M. Ní Chuanaigh
    Gender
    Female