School: Baile Mhúirne (Cailíní)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)le h-aoinne aca.
D'fhan sé ag rinnce ar feadh abhfad agus ansan dubhairt Seán go raibh sé in am do féin bheith ag diriúghadh ar an mbaile. Do chuaidh an púca adharcach amach leis agus do thug sé slaitín draoidheachta dho agus dúbhairt sé leis nuair a bheadh aon rud uaidh nó aon rud ag déanamh trioblóide dho ná bhead déanam aige ach an slaitín draoidheachta sin chrothadh agus go bhfaghadh sé pé rud a bheadh uaidh i gcómhnaidhe.
D'fhág Seán slán leis an bpúca ansan agus do dhein sé fé dhéin a bhaile féin agus do bhí a mháthair ag feitheamh suas leis agus béile prátaí ollamh aici 'na gcóir.
Do thóg Seán an slaitín draoidheachta amach as a phócha agus dubhairt sé le 'na mháthair nár ghadh dóibh bheith ag brath ortha ar na prátaí anois.
Leis sin do chroth sé an slaitín draoidheachta agus do bhí gach aon t-saghas bídh(continues on next page)- Collector
- Cáit Ní Shúileabháin
- Gender
- Female
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork
- Informant
- Bean Sheáin Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 68
- Address
- Baile Mhic Íre, Co. Cork