School: An Páirtín
- Location:
- Parteen, Co. Clare
- Teacher: Ciarán Ó Ceallaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is iomdha caitheamh aimsire a bhíonn ag paistibh beaga nuair a bhíonn an tsláinte aca. Bíonn na cailini ag imirt le bábóga. Gléasann siad na bábóga an dheas agus uaireannta bíionn siad an mhór leo agus uaireannta eile bíonn siad an crosta leo.
Nuair a bhíonn an aimsear breag imrigheann siad "fuinneogha árda". Árduigheann siad suas a lámha agus ritheann beirt acha isteach is amach ag iarraidh breith ar an gcailín eile.
Bíonn siamsa mór ag páistí ag imirt "Dallóg". Cuireann siad "dallóg" ar pháiste amháin agus ritheann na páistí eile thart air agus nuair a bheireann sé ar an duine aca cuirtear dallóg air agus leanann siad leis an gcluiche.
Is breag an sport a geibheann páistí as "luasgán" freisin. Teigeann duine aca suas ar an "luasgán"; agus bogann beirt annon is anall é.
Is minic a bhíonn ard sport acu ag imirt "Maide Corrac". Socaruigheann siad maide láidir ar bhosca nó ar charraig. Suidheann páiste ar cheann amháin d'en mhaide agus suidheann páiste eile ar an(continues on next page)