School: Cill Chláráin, An Fhiacail
- Location:
- Kilclaran, Co. Clare
- Teacher: Ss. Ó Muineóg
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí maighistir O'Briain ag dul go dtí an sgoil i gCill Cláráin nuair a bhí Briain Mac Giolla Meidhre ag múnadh ann. Fear beag cancarac, feargach dob'eadh é. Bhí sgoil sgairte aige timcheall seachtmhadh agus cúig bliain o shoin. Níor mhúin sé Gaedilg acht droch Béarla briste, Léigheadh, Áireamh, agus Teagasg Críostaidhe. Bhí sé an bocht. Tugtaoí beagán airgead agus luath-saothair do ar a mhúinteachas.Bhí sgoil sgairte aige déanta le dóibh timcheall leath mhíle ón sgoil atá i gCill Claráin fé láthair. Bhí sé suidhte ar thoabh an bhothair atá ag dul go Leath-Ghort. Is iomdha sgéal greannmhar atá le h-innsint i dtaobh an mhuinnteóra seo. Bhí a theach féin aige in aice na sgoile.Téigheadh sé abhaile anois is arís. Lá amháin chuaidh sé abhaile. Thosuigh na buachaillí agus na cailiní árda ag déanamh rí-rádh, ruaille-buaille. Tháinig an maighistir isteach, sheas sé ag an doras. Bhí fearg air. Bhí na buachaillí agus na cailíní an chiúin anois agus iad ag obair ar a seacht ndicheall mar dheadh. Rug an maighistir greim ar an sluasadh a bhí taobh thiar dé'n doras. Bhuail sé cúpla ceann aca ar na luirgí. Ar bhall bhí fuil ar an urlár. Do thug na páistí eile dos na bonnaibh agus eagla an domhain ortha. Ní raibh(continues on next page)