School: Cill Chláráin, An Fhiacail

Location:
Kilclaran, Co. Clare
Teacher:
Ss. Ó Muineóg
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 456

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 456

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chláráin, An Fhiacail
  2. XML Page 456
  3. XML “Brian Merriman”
  4. XML “Darby Tuohy”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Conmara i gcorach Cluain, nuair a bhí sé ag muineadh sgoile ann. Tar éis tamaill chuaidh sé go Luimneach agus chuir sé sgoil ar bun ann, agus bhí sé ag múnadh Áireamh ann. Fuair sé bás in Luimneach ins an bhliadhain, 1805. Tugadh é tar n-ais go Fiachail agus cuireadh é ins an Reilg.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgoláire bocht eile dob eadh Darby Tuohy. Ní mhúin sé acht Laidine. Ní raibh morán Gaedhilge no Béarla aige. Bhí sé ag múineadh Laidine i gCill Dálua ochtmhó is cúig bliadhain ó shoin. Bhí sé an bhocht.
    Bhíodh sé ag dul o áit go h-áit ag múineadh Laidne. Do chas Micheál O'Hógáin air ar aonach i Tualach lá, timcheall na h-aimsire 1850. Dubhairt sé le Micheál go raibh sé go beo bocht agus do thug Micheál púnt dó. Chuaidh Darby leis go dtí a thig in Anach. Bhí beirt mhac ag Micheál an t-am san a bhí ag stáidéár le bheit 'na sagairt agus do mhúin Darby Laidin dóibh. Do chuaidh an beirt aca go dtí America 'na dhiaidh sin agus bhíodar ag dul ar sgoil ann.
    Dubhairt an t-Uacharán a bhí insan gColáiste Yale go raibh an Laidn thar bharr aca. Taisbeánainn sin go raibh togha Laidne ag Darby.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish