School: Cill Chláráin, An Fhiacail

Location:
Kilclaran, Co. Clare
Teacher:
Ss. Ó Muineóg
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 453

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 453

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chláráin, An Fhiacail
  2. XML Page 453
  3. XML “Máistir Ó Madáin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí cotaí dearga ag Maighistír Ó'Madáin i dTuaim Gréine, in ám tioránach "ag déanamh fobha ar na Sagartaibh agus sgolairibh bochta a bhí i bhfolach i measg na ndaoine timcheall aon chéad agus fichid bliain ó shoin. Bhí múinteoir sgairte in Ting Giar Fhiadh i bparóiste Tuaim Gréine. Ní raibh Scairbh ann an t-ám sin. Bá é an t-ainm do bhí air O'Madáin.
    Bhí sé ag múineadh Gaedhilge, Béarla, Áireamh agus an Teagasg Críostaidhe in sgioból Ó Daghnáin. Ón ait sín in aice a thíghe. Bhíodh fear ag faire i gcómhnaidhe gach ám a bhíodh sé ag múineadh ann. Chun na saighdiúirí dearga d'feichsint ag teacht amach ó Tuaim Gréine.
    Nuair a bhí d'inghean do Seán Daghnáin an-óg, chonnaic sí "Vison" aon oidhche amhain. Dubhairt sí go minic ar feadh a shaoghail go bhfacha sí "Cótaí Dearga in a sheomra agus gur sgreadh sí ós árd amach. Go raibh na saighdiúirí Shasana ag sgubadh cun siubhail leo í. Chuala a athair agus tháinig sé isteach in a seomra. Thóg sé in a bhaclann í agus d'fiafruigh sí dí "Cá raibh an saighdiúir. Dubhairt a pháiste go raibh sé annsin. Do phreab an t-athair annsin acht ní bhfuair sé greim ar an "Vison" agus ní fheacha sé é. Fuair a athair bás bliain in a dhiaidh san. Sean athair do Donnacha O'Mhuineóg dob eadh Seán Ó'Daghnáin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    2. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    3. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Daghnáin
    Gender
    Male