School: Cill Chláráin, An Fhiacail

Location:
Kilclaran, Co. Clare
Teacher:
Ss. Ó Muineóg
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 422

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 422

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chláráin, An Fhiacail
  2. XML Page 422
  3. XML “An tAonach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 422
    An t-Aonach
    ins an am fadó bhíodh na h -aontaighthe ins an bpáirc i gCill Claráin ,tugtar páirc an aonaigh mar ainm uirthe.Píosa talmhan glas is eadh Páirc an aonaigh.Bhíodh aontaighe mhóra chaileamhala ann.Ní bhíonn na h-Aontaighe ann anois agus ní raibh siad ann le seasga bliain o shion.Díoladh go leor beithidhigh ,caoraig agus banbhaí ann.
    Timchreall seasga bhliain o shoin do bhíodh na daoine ag troid tar éis an Aonaigh.An am sin ni raibh aon síothcháin ins an gceanntair seo smacht do chur ar na daoiníbh.Nuair a bhí an troid ag siubhal imeasg na ndaoine do bhíodh ar an t-Sagart paróiste teacht ó Fhiacail chun deireadh do chur leis an trioblóid agus clampar.
    Nuair a bhíodar ag díol na mbeithidheac d'ifruigheadh an ceannuightheóir den díoladóir ce mhéad a bhéaqdh ag teastail uaidh agus dá bhéadh an dialadóir sásta gheibheadh an ceannuightheóir píosa salaighe ar a mhaide agus cuireadh sé ar dhrom an bheithigh é mar marcal nuair a bhíodar díolta.
    Nuair a thagadh ceannuightheóirí ó duaisceart na h-Éireann no Co na Mídhe cuireadh siad marcáille siosúr ar na beithigh nuair a bhídis díolta.Nuair a bhíodh an díoladóir agus an ceannuightheóir sásta deireadh an ceannuightheóir "trom do lámh "Annsin buaileadh an ceannuightheóir bos a lámh é in
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trade
          1. buying and selling (~3,622)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Ceallaigh
    Gender
    Male