School: Cill Chláráin, An Fhiacail

Location:
Kilclaran, Co. Clare
Teacher:
Ss. Ó Muineóg
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 411

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 411

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chláráin, An Fhiacail
  2. XML Page 411
  3. XML “Biddy Early”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Rugadh agus tógadh Bríghid Mac Éirigh in gCraig Leith. (Craglea / Carriglea) Bhí sí in a comhnuidhe le na h-aintín ar feadh tamaill. Bhí buidéal draoidheachta ag a h-aintín agus bhí sí abálta maith agus olc a dhéanamh leis an mbuidéal seo. Nuair a fuair sí bás d'fhág sí an buidéal do Bhríghid. Annsin tháinig Bríghid go dtí paróiste Fiachall agus chuir sí fúithí ann.
    Tar éis tamaill phós sí fear darbh ainm Flannagáin agus fuair sé bás. Phós sí arís agus fuair an fear sin bás. Annsin phós sí fear darbh ainm Eirigh agus fuair sé bás. Bhí aon mac amháin ag Bríghid annsin. Bhí bean in a comhnuidhe in Aill in aiche na h-áite in a bhfuil Bríghid in a comhnuidhe agus bhí mac aice. Thuit tinneas ar an mach seo. Chuaidh na comharsana go léir go dtí an teach cun an mac d'fheicsint agus bhí Bríghid in a measg. Nuair a bhíodar san teach tháinig an sagart chun an buachalla d'fheichsint. Chuaidh sé isteach san seomra agus nuair a tháinig sé amach dubhairt sé go raibh an bhuachaill an-tinn.
    Dubhairt sé go bhféadfadh an mach do leighiseadh dá mbéadh aon duine san teach a ndéanfadh gach rud a ndéarfadh sé leo. Dubhairt Bríghid go ndéanfadh sí. Ghlaoidh an sagart uirthí agus chuadhadar amach as an teach. Níl fhíos ag aoinne cad do thárlaidh eatora acht chuaidh an beirt acha abhaile. D'éirigh an bhuacaill slán, agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Biddy Early (~186)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Ceallaigh
    Gender
    Male
    Address
    Caher, Co. Clare