School: Cill Chláráin, An Fhiacail

Location:
Kilclaran, Co. Clare
Teacher:
Ss. Ó Muineóg
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 409

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 409

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chláráin, An Fhiacail
  2. XML Page 409
  3. XML “Cnoc na Leacht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá sean-Reilig í bparóiste Fiachaill. Ní chuireadh aon duine ann ó am gorta. I rith an treimhse sin bhí na daoine an bhocht agus bhíodar ag faghail bháis leis an ocras agus fiabhras.
    San-tam sin ní raibh aon torramh na sochraidh no costa na marbh ag na daoinibh marbh.
    Ní raibh aon chofra san bparóiste seo ar na daoinibh bochta acht aon cofra amhain. Bhí sé de dhéanta de phobail adhmuid agus bhí sé gan tón.
    Do dhéan Tadhg O Muineog an cofra sin. Saghas bosca do' b'eadh é. Bhí an tón ceangailte d'on dtaobh de dhá bhacán. Ceangaladh dhá phiosa adhmuid treasna bun an chofra. Cuirtí greim daingean ortha don taobh eile. Nuair a bheadh an duine marbh leis an ocras cuirthí an duine marabh isteach san gcofra sin, agus iompuightí do'n gCnoch na Leacht é. DéantaoÍ uaig. Ceangaltaoi an cofra os cionn an uaig sin. Buailti tón an cofra. Tuittí an chorp isteach san uaigh. Bhí a lá daoine curtha ar an gcuma sin ar an gcnuich san. Am uathbhasach sin.
    Bhí P. V. Mac Donachadha in a dochtúir i bparóiste Fiacail ag tabhairt aire dos na daoine marbh. Bhí sé tógtha do'n ól ón am sin go dtí lá a bháis mar gheall ar na radhairc a chonnaic sé an t-am sin.
    Tá Cnoc na Leachta suidhte timcheall dhá chéad slat
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Ceallaigh
    Gender
    Male
    Address
    Caher, Co. Clare