School: Cill Chláráin, An Fhiacail

Location:
Kilclaran, Co. Clare
Teacher:
Ss. Ó Muineóg
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 406

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0592, Page 406

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Chláráin, An Fhiacail
  2. XML Page 406
  3. XML “An tSeilg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall caogadh bliadhain ó shoin do chuir muinntir na Fiacail "Cumann na Seilge" ar bun. Ag an ám sin bhí fear ina chomhnuidhe in aice Tigearna Goff i Loc Cowere(?) agus bhí fiadh aige. Nuair a chuala muinntir na Fiachail sin, chuir siad teachtaireach do'n bhfear agus cheannuigh siad an fiadh. Ní raibh fhíos acu beirthe ná béo cá bhfuair an fear an fiadh agus deartí go bhfuair sé an fiadh nuair a raibh sé óg agus gur thug sé aire dhó agus gur chothuigh sé an fhiadh do muinntir an Fiacail.
    Thug muinntir na Fiacail an fiadh go bhFiachail agus chuir siad an fiadh isteach i stábla agus d'fág siad an fiadh ann ar feadh cúpla seachtmhaine. Sa deire cuireadh fios ar "Cumann na Seilge" go mbeadh an seilg ann Domhnaigh eicint.
    Tháinigh an lá agus tháinig fíce capall agus madrairí aguus dhá (-) Tugadh an fiadh go dtí "An Currac agus geréchl (?) agus tá an Currach suidhte míle ó'n bhFiachail agus áit sléibhtiúl 'seadh é. Rinne an t-Athair Mac (-) Flannachadha leath ciorcal de na daoinnibh agus na mardairí agus chuir sé an fiadh i lár an ciorcal agus thug siad cead a cinn do'n fhiadh agus as go bráth leis an fiadh agus na marcaidhe in a ndhiaidh. Thug an fiad a aghaidh go Deirín Lae agus na marcaidhe in a dhiaidh agus iad a sgreadadh agus ag beiceadh. Anois agus arís b'feidir le duine an adhair-fiadhaigh a clos agus é ag tabhairt cabhair agus (-)
    (See map Pages 414-415)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Máire Ní Mhuineóg
    Gender
    Female