Is í Cill-Dá-Lua mo pharróiste féin. Tá sí suidhte in oirthear Conndae an Chlair. Bháisteadh an ain sin ar an pharróiste mar do bhí naomh darbh ainm Lua in a chomhnidhe ann sa t-sean aimsear. Tá trí seipéal san parróiste, I gCill-Dá-Lua, I Garránbuidhe agus I mBaile an Droichid. Tá mé im chomhniodhe is Finnliath i parróiste Cill-Dá-Lua, I barúntacht Tulach iochtarach. Báisteadh an t-ainm sin ar mo áit chomhnuidthe ón gcuma atá air. “Finnliath” sin an áit áluinn. Níl a lán sean daoine in Finnliath os chionn 70 blian. Tá fear darbh ainm Sean Ó Bhriain ós cionn 70 blian. Seo daoine eile in pharróiste atá ós cionn 70 blian. Baintreach an Bhreathnaigh, Baile Uí Cóirne, Cill Dá Lua; Baintreach Uí Bhreasail, Cluanfada, Cill Dá Lua; Miceál Ó Loinsigh, Baile Cille Dé, Cill Dá Lua; Séamus Mach Airchinnigh agus a dhrifúir Síle, Gort Mach Gaoithe, Cill Dá Lua. Níl Gaeilge acu. Is féidir leo scéalta a innsint i mBéarla. Tá cúig tighthe in Árdcluanaigh. Slinn [?] atá ortha. Tá dhá sheana-chabhlach tighe ann. Níor ghnáthach le
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »