School: Kilkishen, Sixmilebridge
- Location:
- Kilkishen, Co. Clare
- Teacher: Pádraig Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé 'na chómhnidhe í Luimnigh. Fuair sé bás agus d'fág sé a raibh aige dá mhac. Níor b'féidir leis an mac fanamhaint sa tig tar-éis bás a athar mar bhí a shamhal ag teacht cuige gach oidhche.
Oidhche amháin bhí beirt fhear ag filleadh abhaile ón a cuid oibre. D'iarrr sé ortha fanamhaint sa tig leis ar feadh na h'oidhche agus to dtabharfadh sé púnt an duine. D'fanadar ann. Ar a dó-dheag a chlog chualadar fothrom mór. Ceapadar go raibh an tig at tuitim. An nóimeat sin connacadar an fear marbh. Tar-éis tamill thuit an beirt fhear marbh.
Cúply bliain 'na diaidh sin bhí tinncéir ag siubhal an bóthar. Cuaid sé isteac san tig agus d'iarr sé lóistín ar an b'fear. Tug sé dó é agus dubhairt sé go d'tabharfad sé airgead dó leis. Dubhairt an tinneéir na glacfadh sé aon airgead ach rud le n-ithe. Tug fear an tighe tae agus arán dó. Bhí buidéal uisge-beatha ag an tinncéir agus d'ól sé gloinne de(continues on next page)- Collector
- Cristín Ní Conmara
- Gender
- Female
- Address
- Clonlea, Co. Clare