Scoil: Kilkishen, Sixmilebridge

Suíomh:
Kilkishen, Co. Clare
Múinteoir:
Pádraig Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0585, Leathanach 278

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0585, Leathanach 278

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Kilkishen, Sixmilebridge
  2. XML Leathanach 278
  3. XML “Leaba Dhiarmada agus Ghráinne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Leaba Dhiarmada agus Ghráinne
    Laoch na Féinne do bheadh Diarmuid O Duibhne. Bhí sé ana-dhatamáil. Bhí an-chion ag mná Éíreann air.
    Do deireadh cleamhnais do fion agus do Gráinne inghean Cormaic Mic Airt. Tháinig an fiann uilig don cóisire. Bhí oidhce i dTeeamair annsan.
    Nuair do chonnac Gráinne Fionn níor thaitin sé léi, bhí sé chomh h-aosta le na h-athair féin. Do shocruigh sí in a haigne ná pósfadh sí é.
    I rith na h-oidhce do thug sí deoch dos na seanóirí. Ba ghearr do rabhadar na gcodhladh go sámh. Annsan d’iarr sí ar Diarmuid O Duibhne éalódh léi ón áit. Ní raibh Diarmuid sásta ar dtús.
    Chuaigh sé i gcomhairle le h-Oisín agus le h-Oscar agus le fir óga eile na Féinne. Dubhradar san leis rud do dhéanamh ar an gcailín. Do dhein. D’fág sé an Tearair le Gráinne.
    Nuair do dhúisigh Fionn bhí fearg mór air. Do chuir sé a chuid fear le chéile. Do lean sé ar Diarmuid agus Gráinne. Dá dtagfad sé suas leis do marbócafad sé é. Níor tháinig sé suas leis ármtach. An faid a bhí ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Spáit
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Knockatooreen, Co. Clare