School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 406
- XML “An Crios Gorm”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean bocht ann fadó agus bhí aon mac amháin aici. Bhíodar 'na gcómhnuidhe i dtigín ana bheag. Bhíodar ana bhocht. Théighidís amach i rith an lae ad' iarraidh déirce agus thagaidh abhaile istoidhche chun codladta san tigín bheag. Peadar ab' ainm de'n bhuachaill.
An lá so do chuadar amach mar ba ghnáth. Ar theacht an tráthnóna nuair abhí a mála lán aca dhíríghdear ar an mbaile. B'eigin dóibh dul treasna na gcnoc. Nuair a bhíodar ag dul suas an cnuic chonnaic an bhuachaill crios gorm ar an dtalamh agus bhí sé chun é a phiochadh suas ach do scread a mháthair air agus dubhairt sí leis é a fhagaint ansann mar b'fhéidir go mbeadh draoidheacht ann.
D'fhág sé ansan é agus chomáineadar leo. Tar-éis tamaill tháinig tuirse ar an máthair agus shuidh sí síos chun a thuirse a chur de. Dubhairt an buachaill léi go raghadh sé suas go barra an cnuic féachaint an bhfeicfeadh sé aon tig. Ní suas a chuaidh sé ar dtúis amhthach, ach thar-n-ais ad'iarraidh an crios-goirm. Thóg sé sus é agus chas sé timpeall a chuim é.
Ní túisge a dhein ná go dtáinig neart céad fear ann. Chuaidh sé suas go barra an cnuic ansan. Chonnaic sé solus agus tháinig sé anuas chun é innsint dá mháthair. Thóg an buachaill a mháthair fé osgail amháin agus chuir sé an mála fé'n gceann eile. Chuadar fé dhéin an tsoluis. Shroiseadar tig ana mhór. Chuadar isteach. Bhí fathach mór istig.(continues on next page)