School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 336

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 336

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 336
  3. XML “An Clutharachán”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    breoidhte. Bhíodar ag dul amach go tigh an bhainne chun braon bainne d'fhághail sar a raghaidîs a chodladh. Bhí sé ag déanamh amach ar a dô-dhéag a chlog. Fuaireadar an bainne agus nuair a bhíodar ag teacht amach d'airigheadar an fothram 'na ndiaidhtha.
    D'fhéachadar siar agus do chonnaiceadar an fear mór ag teacht 'na ndiaidhtha agus bhí bróga troma air gan aon stocaí. Ritheadar isteach agus d'fhágadar doras tighe an bhainne ar oscailt agus deirimse leat nach raibh aon dúil san bhainne aca ach ritheadar suas an staighre agus isteach san leabaidh leó.
    Nuair a chuadar amach an maidin 'na dhiaidh san bhí doras tighe an bhainne dúnta agus chonnaiceadar rian na cosa. Do dheineadar amach 'na dhiaidh san gurbé athair an mnaoí breoidhte é mar fear mór ab eadh é agus b'shin mar a chaithfeadh sé na bróga gan aon stocaí.
    Níor dhéin sé aon díobháil leó ámhthach ach tamall 'na dhiaidh san do bhí leanbh ag an mnaoí. An oidhche sin do tháinig an cluthrachán chun na fuinneóga agus d'fheach sé isteach ortha.
    Nuair a fhás an leanbh sin bhí sé abhfad níos cliste agus níos gasta ná an cuid eile agus dubhairt na sean-daoine nár b'ionghnadh san agus na rudaí go léir a thárlaidh le linn a bhreithe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. leprechauns (~1,007)
    Language
    Irish
    Informant
    Siobhán Bean Uí Luasaigh
    Gender
    Female