School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Location:
Clonanav, Co. Waterford
Teacher:
Pádraig Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 299

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 299

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Page 299
  3. XML “An Reilig”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Reilig
    Tá ceithre reilige sa pharróiste seo, Cill na mBenéid, Cill Siogán, Cill Ronáin agus an Reilig Nua.
    Tá Cill na mBenéid ar an mbóthar go Dúngarbhán timcheall dhá mhíle ó'n scoil. Tá Cill Siogán ar thaobh chnuic ar an dtaobh theas de'n scoil agus tá Cill Ronáin in aice leis an sráidbhaile Cill Manachín. Tá an reilig nua ós chomhair an tséipéil i gCaisleán Ó gCuanach.
    Níl aon reilig cruinn sa pharróiste ta gach ceann acu cearnógach. Tá fothrach i gCill Ronáin agus cuirtear daoine sa bhfothrach. Níl aon fhothrach i gCill na mBeinéid na i gCill Siogáin.
    Tá Cill Ronáin leibhéalta, tá fána ó theas le Cill na mBenéid agus gabhann an fána ó thuaidh i gCill Siogán.
    Tá crainn iubhair agus tuir síor-ghlas i ngach reilig.
    Níl aon reiligí diomhaoine sa cheanntair. Tá seana-croiseanna agus sean-thuambaí i gCill Siogan agus Cill Ronáin.
    Cuirtear leanbhaí a cailleadh gan baiste i gcúinne na reilige agus uaireanta cuirtear taobh amuigh de'n reilig iad.
    Tugtar Cill Clogáín agus Cill Crégán ar Cill Siogáin leis. Tá sean-scéal ag na daoine i dtaobh na reilige.
    Seo é an scéal: Ar thaobh an bhóthair in aice leis an droichead iarainn idir Gleann Dá Lachan agus Seipéal na h-Uidhre tá sean-áth ins an abhainn mar a théigheadh daoine treasna fadó. In aice na h-áite ta poll doimhin ar a tugtar "Poll na Sagart".
    In aimsir Chromaill bhí beirt sagart darbh ainm dóibh Ó Chréagáin ag teicheadh ós na saighdiúirí. Bhí tuile ins an abhainn agus bhí sé ag cur sneachta agus ní fhaca siad cá raibh siad ag dul. Do thuit siad isteach ins an abhainn ag Poll na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
          1. graveyards (~2,501)
    Language
    Irish