School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Location:
Clonanav, Co. Waterford
Teacher:
Pádraig Ó Cearbhaill

Filter stories

Back
/ 326 Forward
Resolution: Low | High
Baile Nua, Baile Mhic Cairbre | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 298

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

agus déanann sé an-chuid oibre do na daoine annso.
Oibrigheann na táilliúirí sa bhaile anois, fadó do théighidís ó thigh go thigh mar a théigheadh siúinéirí agus ughaimeadóirí. Is gnáthach leis na táilliúirí éadach a bheith sa tigh acu le díol.
Ceannuigheann siad an t-éadach ins an muileann in Ardfhionnáin, agus ó's na siopaí móra agus i mBaile-Átha-Cliath. Bíonn siosúr, deimheas, miosúr, inneal fuaghála, snáth agus snáthaid, méarachan, iarann mór trom agus píosa cailce ag an táilliúir.

Language
Irish

Cniotálann bean dárbh ainm dí Cáit Ní Lonnargáin a comhnuigheann ag dún an Fhaoitigh in aice Cill Manaicín stocaí le maisín. Tugann na daoine a dheineann sí stocaí dóibh an snáth dí, ceannuigheann siad an snáth ins na siopaí.
Tá roinnt túirne i mBarra na h-Uidhre ach níl aon ceann sa pharróiste seo.
Oibrigheann Bean Ní Crottaigh ó Barra na h-Uidhre an túirne fós. Slámann sí agus sníomhann sí an olann agus déinann sí stocaí de.