School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Location:
Clonanav, Co. Waterford
Teacher:
Pádraig Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 295

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Page 295
  3. XML “Na Caoirigh”
  4. XML “Cúram na gCos”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa tsean aimsir bhí an-chuid daoine ann nár chaith bróga riamh. Caogadh blian ó shoin ní caitheadh na páistí scoile bróga aon am sa bhliain. Do chaitheadh cuid acu bróga ag dul go dtí an baile mór nó ag dul go dtí an Aifreann. Dá mbeadh siad bocht ní chaithfidis bróga go mbeadh siad ábalta iad a cheannach dóibh féin. Do chómhnuigh sean-bhean dárbh ainm di Máire Ní Bheilbí in aici na scoile seo triocadh blian ó shoin agus níor chaith sí bróga riam.
    Indiu, is gnáthach leis na leanbhaí dul cosnocht ó Lá Bealtaine go Mí Meadhan Fhóghmhair. Ní bhíonn an oiread leanbhaí cosnocht ins an Samhradh anois agus a bhíodh rionnt bliana ó sóin. Caitheann an cuid is mó des na beanbhaí bróga ar scoil, ach nuair a théigheann siad a bhaile baineann siad na bróga doibh. Is maith an rud é dul cosnocht ins an Samhrad, deineann sé maitheas do na cosaibh, agus crudhann sé iad.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.