School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Location:
Clonanav, Co. Waterford
Teacher:
Pádraig Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 293

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 293

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Page 293
  3. XML “Na Muca”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na Muca
    Coimeadann gach feirmeoir sa pharróiste muca. Bíonn na muca i gcró na muc, is maith leo bheith ag ithe agus bheith in a luighe ins an laithigh nuair a bhíonn an aimsear te.
    Tugtar collach ar an athair, cráin ar an máthair agus banbh ar an leanbh.
    Tugtar céis ar banbh a bheadh trí nó ceithre míosa d'aois.
    Tugann an cráin bainne des na banbhaí nuair a bhíonn siad an-óg. Nuair a fhásann siad suas tugann an feirmeoir bainne agus min-bhuidhe dóibh.
    Is minic a bhíonn banbh beag lag ar an ál, bhíonn na banbhaí eile ró-láidir do agus ní bhfaigheann sé aon bhainne ó'n a mhathair.
    Tugtar an leiceachán ar an banbh sin.
    Tugann an feirmeoir isteach é, cuireann sé in aice na teine é, tugann sé bainne te dóibh as buídéal.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish