School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Location:
- Clonanav, Co. Waterford
- Teacher: Pádraig Ó Cearbhaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí dháth éisc air, agus ba é an capall oibre ab fhearr sa dúithche é.Bhí feirmeoir saidhbhir in a chómhnuidhe in aice le Caisleán Nua tamall ó shoin agus do choimeádadh sé capaill Ráis agus capaill fiadhaigh,
Aon lá amháin do thárla gur thuit capall ráís tinn agus ní bhfuair na dochtúirí é a leigheas. Bhí fear in a chómhnuidhe in aice le Caisleán Nua a leighiseadh ainmhidhte le draoidheacht, agus do chuaidh an buachaill oibre go dtí an fear seo lá leis an gcapall.
Bhí an capall chómh tinn agus chómh -lag gur bheag nách gur thuit sé ar an mbóthair ag dul go dtí Caisleán Nua.
Nuair a shrois an tigh cuir an fear isteach sa stábla é, do chuaidh sé fé a bholg, do thóg sé amach a scian agus do chuir sé gearradh treasna ar a bholg go dtáinig an fuil.
Annsan do dhein sé cómhair na Croise ar a bholg leis an fuil agus dubhairt sé paidir nó rann eigin i ngaedilg i gcionn cúpla nóimeat bhí an capall cómh bhríoghmhar agus a bhí sé riamh agus do rith sé abhaile cómh mear leis an ngaoith.