Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Suíomh:
Clonanav, Co. Waterford
Múinteoir:
Pádraig Ó Cearbhaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 290

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0656, Leathanach 290

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Leathanach 290
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ainmidhthe na Feirme
    Tá trí capaill, sé ba, ocht gcaoirigh cráín muice agus seacht mbanbhaí, aon asal, dá laog agus madra-caorach.
    Tá sé cinn de ba againn,
    Tugaimid Pollí, An Ciarruidheach, Ceann Bhán, Adharca fada ar chuid díobh.
    Deirim habha habha nuair a bhíonn mé ag tiomáínt ná mbó.
    Deireann Mam, "sucaí, suc, suc, suc",nuair a bhíonn sí ag glaodhach ar na gamhnaibh.
    Tugaimíd "An Cró" ar thigh na mbó.
    Cuirimíd tuighe nó aitinn nó raithnighe mar easair fé's na buaibh.
    Cuirimíd na ba ins an cró agus cuirimíd ceann gach ba idir dhá bháta agus annsan cuirimíd na bataí níos giorra dá chéile ionnus nach féidir leis an mbó a cheann tharraing amach ach bhíonn sí áblta ite agus luighe.
    Ceangluigimíd na gamhna le téad timcheall an mhuinéal. Crochtar an glanadh nó an beireatas searraigh i dtaobháin an chró cun go mbeadh an rath ar na buaibh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge