School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Location:
Clonanav, Co. Waterford
Teacher:
Pádraig Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 285

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 285

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Page 285
  3. XML “Scéal - Seán na Rósters”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    saighdiúirí. Thosnuigheadar ag lámhach le Seán ach ní raghadh aon pilear tríd. "Maran stadfaidh sibh le bhúr poiríní cloch, cuirfead d'fhiacaibh oraibh" arsa Seán. Níor stad siad agus rug sé ar earbaill ar capall an oifigigh agus d'fhan sé ag bualadh na saighdiúirí leis an gcapall ná raibh aige ach an t-earball.
    Chuaidh Seán abhaile annsan agus nuair a chonnaic Palaster é chuir sé fios ar an bean feasa arís. "Caithfidh tú é cur go h-Ifrionn an babhta seo agus abair leis t'athair a dhéanamh amach má tá sé ann". D'innis sé do Sheán cá raibh sé a chur agus dubhairt Seán go raghadh sé ach súiste iarainn a thabhairt do. Fuair se an súiste agus níor stad se gur shrois sé geataí Ifrinn. "Cé tá annsan?" ars an diabhal mór. "Sean na Rósters", arsa diabhal eile. "Ná leig isteach é a cuige" arsa diabhail eile, "marbhóchaidh sé sinn go léir". Nuair ná leigfidhe isteach é do bhris Seán an geata agus chuaidh sé isteach. Do chuaidh se taobh istigh des na diabhail go léir agus do thiomáin sé leis ar aghaidh iad nó gur tháinig sé dtí doras Palaster.
    "Seo iad anois agat iad, féach an bhfaighfeá do bhligeárd athar 'na measc" ar seisean.
    Dubhairt Palastear nach raibh sé ann a chuige agus iad a thiomáint leis arís dtí Ifrionn.
    Dubhairt Seán na déanfadh sé go bhfaigheadh sé céad púnt agus inghean Palastear in a fhocair. Ní raibh dada le déanamh ag Palaster ach iad a thabhairt dó agus do thiomáin sé na diabhail thar nais arís dtí Ifrionn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Informant
    R. Ó Riain