School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Location:
- Clonanav, Co. Waterford
- Teacher: Pádraig Ó Cearbhaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí an tigh díonuighthe aige nuair a tháinig a mháthair sa bhaile.
Nuair a chonnaic Palaster an neart a bhí ann tháinig eagla air dá bhfanfadh se ins an áit go marbhóchadh sé iad go léir. Chuir sé fios ar bhean feasa agus d'fhiafruigh sé dhi cad a dhéanfadh sé leis. Dubhairt sí leis, "Ná fuil pumpa mór ins an maca agat ná fuil tú ag abhcáid a cuige?" ar sise. "Líon an pumpa le cloca móra agus cuir Seán síos ann ag sochrú na gcloc agus is furus dibh annsan é mharbhú leis na carraigeacha mór".
Do chuaidh sé síos ins an pumpa agus chuir Palaster triúr fear ag caitheamh na gcloch síos dtí é cómh mear is do bféidir leo é. Nuair a bhí an pumpa gairid do bheith lán chonnacadar Seán ag eirighe aníos ar bharra na gcloch agus do theicheadar. Ní dubhairt Seán dada mar shíl sé ná rabhadar ag déanamh dada ach ag líonadh an pumpa.
Nuair a chonnaic Palaster ag eirighe é chuir sé fios ar an mbean feasa arís agus d'fhiafruigh sé dhi cad a dhéanfaoi anois. "Ná fuil driotháir agat ins an arm", ar sise, "cuir Seán le leitir dtí é agus abair ins an leitir led' dhriotháir é lámhach.
Do chuaidh sé leis an leitir dtí an driotháir a bhí 'na oifigeach san Arm. Do léigh se an leitir agus d'fhéach sé ar Seán. "Seasaigh síos annsan", arsa sé. "agus cuir do dhrom leis an bhfalla". Do dhein Seán mar a dubhradh leis agus do ghlaoidh an t-Oifigeach ar leath-dhosaen(continues on next page)- Informant
- R. Ó Riain