School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Location:
Clonanav, Co. Waterford
Teacher:
Pádraig Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 281

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 281

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Page 281
  3. XML “Scéalta Sprid”
  4. XML “Petticoat Loose”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéalta Sprid
    1. Bhí sean duine in a parróiste seo tamall fada ó shoin agus d'fhan sé i dtigh comhursan go dtí an meadhon oidhche agus bhí míle nó níos mó le dul abhaile aige trés na pairceannaibh.
    Nuair a bhí sé leath slighe nó níos fearr d'airigh sé duine ag siubhal in a dhiaidh. Dhearc sé siar a chonnaic sé fear gan ceann agus ar an noimeat cuireadh ar bhárr a chinn é. D'eirigh sé agus theic sé. Níor chuaidh sé abhfad nuair a dhearc se siar arís agus leagadh arís é.
    Tháinig an sprid suas leis agus dubhairt sé leis gur mhaith an gnó go raibh a bhata collach aige.
    D'éirigh sé agus níor dhearc sé siar arís. Tháinig sé go dtí tigh agus ghlaoidh sé ag an doras é leigint isteach go gcuirfeadh sé spré in a phíopa. Leigeadh isteach é agus chuir sé spré in a phíopa, do chuaidh sé abhaile annsan agus ní fhaca se an sprid a thuille.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
  2. Bhí sprid an fadó a dtugaidís Petticoat Louise uirthí. Inghean óstéara ab' eadh í, deirtí gur tháinig sí ó cnoc Colligan in aice le Dúngarbhán.
    Bhí an duthaigh ag crioth roimpí. Bhí fear ag teacht abhaile ó Cluain Meala oidhche agus bhí capall agus trucaill Gaodhlach aige. Tháinig an sprid air agus d'iarr sé marcuidheacht air. Dubhairt sé leí suidhe isteach, ní raibh fhios aige gurb e an sprid a chuige é. Ba ghairid gur stad an capall agus dubhairt se leis an sprid gurb é
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.