School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Location:
- Clonanav, Co. Waterford
- Teacher: Pádraig Ó Cearbhaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- XML Page 258
- XML “An Slua”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Sluagh:
Deiridís fadó dá gcuirfí duine i dteampall nár ceart é bheith curtha ann chun é bhreith leo.
Deiridís gur sluagh mothell an sluagh ba laidre i gCae Phuirtláirge i sluagh muigeilige an tarna sluagh. Deiridís go raibh curtha i dteampall muigeilige triúr fear a bhí ana láidir, muireadach an dranntáin, gearaltach an bhuille mhóir i Domhall Camh ó Suilleabáin i go bhfuil an gearaltach an bhuille mhóir curtha treasna an geata dul isteach sa tslighe ná fuigheadh aoinne dul isteach nár tháithnigh leis. Bhí fear timhcheall na h-áite seo tamall ó shohin i bíodh sé ag rádh nuair a bhí sé beo gur sa Caisleán nuidh ba mhaith leis bheith curtha. Ní raibh aon daoine muinnteardha aige i nuair a fuair sé bás dobhairt na comhursain go gcuirfidís sa roilig ba giorra dóibh é i do chuireadar. An oidhche as a dhiaidh bhí fear ar an mbóthar idir an dá roilig nuair do chuaidh stoirm thart i leag sé tigh beag a bhí ar thaobh an bhóthair ós a cíonn. Níor airigh aoinne eile san áit stoirm ná gaoth ná aon rud eile i deir na sean-daoine gurbh é an sluagh a bhí ann ghá thabhairt go dtí a theampall féin.- Informant
- R. Ó Riain