School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Location:
- Clonanav, Co. Waterford
- Teacher: Pádraig Ó Cearbhaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An t-Sean Riabhach:
Fado riamh sa tsean aimsear bhí seana bhó ann go dtugaidís an tSean-Riabhach uirri. Nuair a bhí sí tar éis an Mhárta a chur dí agus droch Mhárta ba eadh é, "Anois a Mhárta" arsa sí, "mise neamh-spleádhach ledh dhicheall ar feadh bliadhna eile". "Fan go réidh", ars an Mhárta. D'iarr an Mhárta trí lá ar an Abrán chun deire a chur leis an tSean- Riabhach agus fuair sí na trí lá ó'n Abrán. Tháinig an chéad lá fluich, fuar, gaothmhar, níor tháinig a leithéid de lá ó shoin agus ní bhfuair an tSean- Riabhach teacht amach ó'n claidhe. Tháinig an tarna lá go breágh, grianmhar mar a thiocfadh lá sa Meitheamh agus chaith an tSean- Riabhach an lá 'á iompódh féin ós chionn na gréine. Tháinig an tríomhadh lá arís fiadhain, fuar, fliuch agus bhí an tSean- Riabhach gairid do bheith cailte leis an ocras. Chonnaic sí féar glas ag fás go breágh sa tuinn a bhí gairid di agus rith sí amach ó'n claidhe leis an ocras 'ghá ithe agus bascadh í. B'in í deire an tSean- Riabhach, "bíodh san agat anois a shean-Riabhach", ars an Mhárta.- Informant
- R. Ó Riain
- Domhnall an Tuagha:
Bhí fear ann fadó a dtugaidís Domhnall an Tuagha air. Do chuaidh sé isteach go dtí siopa búistéara lá agus bhí sé ag féachaint ar an mbúistéar ag gearradh suas beithidhigh a bhí marbh aige. Nuair a bhí an beithidheach gearrtha suas ag an mbúistéar d'fhiafruigh sé de Domhnall an bhfeaca sé a leithéid de iarracht de thuagh ag aoinne riamh. Dubhairt domhnall go bhfeaca sé. "Cuirfidh mé púnt leath ná feaca tú," ars an mbuistéar.(continues on next page)