School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Location:
- Clonanav, Co. Waterford
- Teacher: Pádraig Ó Cearbhaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)8. Do chuaidh triúr mac na bárd-scolóige lá fadó agus robáileadar an Ridire Ruadh. Theicheadar leis an ór agus chuireadar i bhfolach é. Lean an Ridire iad leis a chuid armáil agus thainig se suas leo agus iad ag bruighean mar gheall ar chrann mór d'fhág an athair leo. D'fhiafruigh an Ridire díobh dé cúis a rabhadar ag bruighean. "Mar gheall ar crann d'fhág m'athair agam-sa" ars an céad mac.
"An méid a tá cam is díreach de, d'fhág m'athair agam-sa", ars an tarna mac.
"An méid atá úr agus críon de, d'fhág m'athair agam'sa", ars an triú mac.
"An méid atá fe bhun talmhan is ós cionn talmhan de", d'fhág m'athair agam-sa" ars an céad mac.
Dubhairt an Ridire Ruadh le n-a chuid fear gur amadáin iad san agus nach iad a robáil a chuigint é agus d'fhág sé annsan iad.9. An Sagart agus an stumpa amadáin
Chuaidh sagart maidin go dtí tigh feirmeora agus bhí fear istigh ann roimhe. D'fhiafruigh an sagart, "cad as do'n stumpa?"
"Anuas ós na Gleannta", ars an stumpa.
"Ní eolas dom ionnta", ars an sagart. "
"Mairim in a dteannta", ars a stumpa.
"Mise beag beann ort", ars an sagart.
"Mise leat amhlaidh", ars an stumpa.(continues on next page)- Informant
- Ruaidhrí Ó Riain
- Gender
- Male
- Age
- 53
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Ballymacarbry, Co. Waterford