School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre

Location:
Clonanav, Co. Waterford
Teacher:
Pádraig Ó Cearbhaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 249

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 249

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
  2. XML Page 249
  3. XML “Scéalta Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    4. Bhí sagart ag dul go dtí tigh feirmeora leis an "stations". Tháinig sé go dtí gleann a raibh tuile ann agus ní bhfuigheadh sé dul treasna. Tháinig fear agus dubhairt sé go dtabharfadh sé an sagart treasna ar a dhrom. Nuair a bhíodar ag dul treasna dubhairt an fear go n-inneosadh sé a fhaoisdín do anois. Dubhairt an sagart leis é dhéanamh. Nuair d'airigh an sagart na peacaí móra dubhairt sé, "Tá an diabhal thiar ort". "Má tá, is gairid a bheidh", ars an fear ag caitheamh an tsagairt de'n a dhrom amach sa tuile.
    5. An sagart-pharóiste i gCaisleán Nua, bhí sé in a chomhnuidhe 'san mBán Árd.
    Bhí coca beag féir aige gairid do gleann beag atá ann. An lá so bhí gabhar in áirde ar an gcoca agus é ag ithe ar a dhicheall. Tháinig an tuile sa gleann agus scuab sé an coca. Nuair a chonnaic an sagart é ag imtheacht dubhairt sé", Pé'r domhain áit a raghaidh an coca, go n-imthighidh an diabhal leis an "Jockey".
    6. Tháinig fear ó Cae. Luimnigh go dtí Aonach an Ghleanna in aice le Cill tSíolán. Bhí sé i bhfad ann sa lá agus ní raibh an troid tar éis tosnú. "Tá an lá ag imtheacht agus gan dada á dhéanamh" arsa sé. Ba ghairid gur eirigh an-bhualadh ar fad idir an dá thaobh "Carabhait agus Seana-bhest" agus bhí an fear istigh in a lár ag bualadh leis. D'iompuigh fear air agus d'iarr sé air cia'cu taobh bhí se ag cur leis.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT0950: Rhampsinitus
    Language
    Irish
    Informant
    Ruaidhrí Ó Riain
    Gender
    Male
    Age
    53
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Ballymacarbry, Co. Waterford