School: Glenanore
- Location:
- Glennanore, Co. Waterford
- Teacher: Séamus Ó Maoldhomhnaigh

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0656, Page 012
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Glenanore
- XML Page 012
- XML “Ainmneacha Áite”
- XML “Ainmneacha Áite”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Páirc na Cille
Páirc í seo atá i seilbh Bean Ui Ghadhra i gCnoc an Aifrinn. De réir na sean daoine bhí cill nó eaglais anseo timpeall sé chéad bliain ó shoin. De réir gach cúntas do tógadh an chéad eaglais sa paróiste seo i lár an oirthear, áit an-iargcúlda. Ansin do tógadh ceann eile i gCnoc an Aifrinn. Le h-imeacht aimsire do thit an seipéal agus do deineadh an t-Aifrinn a léigheamh sa pháirc. Tugtar Páirc na Cille air ó shoin agus "Cloch an Altóra" ar an gcloic a bhíodh mar altóir ann.Currach na mBráithre:
Ar thaobh an bhóthair as so go Baile Mhic Chairbre mar a ghabhann an t-aith-ghiorra ó Droichead Cnoc an Lisín go Gráig na nGabhar tá currach atá beagnach tirm anois ach dréir na sean daoine bhí paiste tirm is lár istig mar a bhí clúdach maith de sgeachaibh agus ón dtaobh amuich bhí casán beag ag dul isteach tríd an bportach. Le linn na dlighthe peannadach bhíodh na sagairt istig na lár ar a dteitheadh. Ar deire thiar thall sgéitheadh duine éigin ortha agus tháinig na saighdiúirí ar a dtóir.- Informant
- Tomás de Bhál
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Knockanaffrin, Co. Waterford
- Currach na mBráithre:-Ar thaobh an bhóthair as so go Baile Mhic Chairbre mar a ghabhann an t-aith-ghiorra ó Droichead Cnoc an Lisín go Gráig na nGabhar tá currach atá beagnach tirm anois ach dréir na sean daoine bhí paiste tirm is lár istig mar a bhí clúdach maith de sgeachaibh agus ón dtaobh amuich bhí casán beag ag dul isteach tríd an bportach. Le linn na dlighthe peannadach bhíodh na sagairt istig na lár ar a dteitheadh. Ar deire thiar thall sgéitheadh duine éigin ortha agus tháinig na saighdiúirí ar a dtóir.(continues on next page)