School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 300

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 300

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 300
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ag tiomaínd BÓ deirtear "Haba" agus nuair bhíonn síad ag dul isteach sa mbothán deirtear "Hi isteach" ("high")
    Ag dul idir dhá bhuin deirtear "NASC" nó "Set over" agus scarann sIad annsan na ba ag rith uait ro-mhear deirtear "DEISE" chun íad a stopadh agus "TWEEN" "TWEEN" chun glaodhadh ortha.
    Chun CAPALL no ASAL do stopadh deirtear "WEE" nó "WO".
    Chun íad do chur ag gluaiseacht deirtear "HÍ UP" agus deintear fuaim le teangain agus fiacla "TIOUCH" "TIOUCH". Capall ag dul ró mhear deirtear "SOBER".
    Uaireannta glaodhtar cearca agus sicíní le "TIOC" "TIOC" agus geánna agus turcaithe le "BEÁIDÍ" "BEÁIDÍ" agus chun ruaigheart do chur ar chearca "HÍ KUK" (high kuk). Do cat "CUIT AMAC" agus do mhadra "WADRA". Glaodtar turcaithe le "BÍ - BÍ". Cuirtear ruaigeart ar muca le "SÍTH" agus "HUIRIS". Uaireannta dheintear fioghair na croise ar dhóirse na mbothán le fuil na gé a marbnighthear ar Oidhche Lae Mháirtín.
    Nuair bhíonn bó tar eis laoigh do bhreith doíghtear an fionnádh da h-uth le coinneal beannuighthe agus cimilightear Salann dá drom. Cimilghtear min-choirce nó bran don laogh agus lígheann an bhó annsan é.
    Cuirtear easair tuighe fuíthí annsan. Crúdhtar an bhó agus tugtar an chéad dá crúdh do'n láogh mar bhíonn sé ró-laídír. Uaireannta béirbhightear an grúth-nus agus ithtear é. Tugtar cuid den nús do na comharsana
    Nuair a bhéarrtar capall fágtar an fionnadh sa stábla go ceann seachtaine.
    Fadó crochtái crúdh capaill sa stábla chun rath a hur ar capallaibh agus búaibh.
    (Ó NA PHAÍSTÍ SCOILE)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. animal husbandry (~2,587)
    Language
    Irish
    Collector
    Páistí scoile