School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 298

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 298

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 298
  3. XML “Scéalta Crábhaidh”
  4. XML “Scéalta Crábhaidh”
  5. XML “Scéalta Crábhaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo cnuasacht sgeál fuarathas ó thusimitheóirí na bpaistí.

    (1) Fadó creidtí go mbíodh an Teaghlach Naomhtha ag gabháil tímceall ar Oidhche na Nodlag Bige. Cuireadh na daoine bíadh agus deoch ar an mbórd agus d'fhágaidís an doras ar oscailt, lampa ar lasadh, teine mhór, chaithidís brobanna leas'muigh den doras chun faílte do chur rómpa agus théighidís feín cun suain go luath san oidhche ar eagla go dtiocfadh Iosa isteach.
    (Seámus Ó Scannlaín ó n-a mháthair)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (b) D'fágaidís trí ghloiní fíona dhóibh ar an mbórd. Nuair thagadh an lá an fíon fágtha chuiridís idtaisge é acht usaídtí irith na bliana mar leigheas do phíanta srl.

    (2) Nuair do daoradh Íosa chun bháis chuala na daoine go raibh na saighdiúirí chun Coroín Spíona do chur Air agus gur droighean dubh a dhéanfaí í. Cheapadar ar sheift chun nách gcuirfí an Choróin Spíona air. Chuadar idir óg agus aosta amhac agus bhaineadar gach droighean dubh a bhí le fághail agus cuireadar i bhfolac íad. Nuair a tháinigh na saighdiúirí ní raibh droighean dubh ar bith le fághail agus bhí ortha an Choróin Spíona do dhéanamh de'n sgeich ghil. Ní thagann aon bhláth ar an ndroighean dubh riamh ó sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Denis Collins
    Gender
    Male
  3. Uair amháin bhí Iosa ag gabhál thar gháirdín ag marcuigheacht ar asal. Bhí fir sa ngort ag cur cruithneachtan. Bhí Iosa ar a choiméad ó na Saighdiúirí 7 dubhairt sé le na fearaibh a rádh lena Saighdiurí go raibh sé féin (Iosa) ann an lá go cuireadh an Cruithneacht. Lá arna
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.