School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 285

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 285

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 285
  3. XML “Cruachán, Sail agus Dail agus an tAonbhean”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Triúir gaiscidheach a mhair in Íarthar an Cláir láimh le Ceann Léime anallód. Bhí dún no cathair ag gach duine aca- drithéaracha ab'ead íad. Tá áiteanna ainmneacha uatha sa ndúthaigh sin go dtí an lá indiú. (Dún Dailinn agus Cathair Cruachain). Bhí aon drifiúr amháin aca "An tAonbhean". Clú agus Cáil uirthí ar áilneacht a pearsan agus uaisleacht a aigne. Comhnaigh sí in aice le Ceann Léime agus bhí Dún an triúir Scaipithe ar an gcaol talún ón Sionainn go dtí an tAtlantach chun a cosaint. Cómh maith leis sin bhí Nathair Nimhe amuigh sa bfairrge le n-a cosaint freisin.
    Tháinig triúr fathach ó thuaisceart an Cláir , Ruadhan, Stuipín agus Ceannur ag tógail creice ó muinntir na háite seo. D'iarr muinntir an íarthar cabhair ar Cruachán, Sail agus Dail. Tugadh dóibh í agus chuadar ar thóir na bhfathach.
    Le na linn sin bhí Laoch i gCiarraighe den leith-theas den Sionainn a thug grádh a chroidhe don "Aon Bhean" agus ba mhaith leis í do fhuadach acht níor fhéadh sé le na drithearacha. Chuaidh sé i gcomhairle le ban draoi agus thug sí comhairle a leasa dó. Dubhairt sí leis go raibh caoi maith aige an trad sin chuige mar go raibh an triúr gaiscidheach imtighthe . Thug sí coinneal a bhí ar lasadh dó- an fhad a leanfadh sé ar lasadh níor baoghal do an Nathair nimhe. Acht ar eagla a mhuchta thug sí liathróid dó a mharbhóchadh an nathair nimhe acht í do bualadh leí.
    D'imtigh an gaiscidheach agus d'éirigh leis teacht in gar do Ceann Léime. Chonnaic an N. Nimhe é agus d'ionnsuigh sé é. D'éag an coinneal an nóimead sin acht d'éirigh leis an nathair nimhe do bualadh leis an liathróid agus marbhuigeadh i lom láithreach. D'éirigh leis an laoch an tAonBhean do fuadach. Nuair d'fill an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Dannie Mc Inerney
    Gender
    Male
    Occupation
    Smith
    Address
    Kilkee, Co. Clare