School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 281

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 281

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 281
  3. XML “Another Version”
  4. XML “An Ceithearnach agus Mac Agairt na Feamugheata”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair d'airigh sé na sideóga ag cainnt d'fhéach sé isteach sa lios "Bliaín is an lá indiú do ghoid Ceithearnach an cailín uainn" "Caide an maitheas dó í" arsa duine eile " dá mbeadh fhios aige cá bhfuil an Ciorán atá in a ceann, do bheadh cainnt go leor aicí. "Go maith " arsa Ceithearnach agus as go bráth leis abhaile. Thosnaigh sé ag súgradh leí, fuair sé an Ciorán, tharraing sé amach é agus bhí a cainnt aicí ansan.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. In Inis Cathaig do throid Ceithearnach Cath Mór agus do marbhuigheadh gach duine da cháirde agus dá náimhde acht amhain náimdde darbh ainm do Mac Agairt a chuaidh i bhfolach fen bhfeamanaigh.
    Nuair a bhí Ceithearnach gorta in a luighe ar an dtráigh, tháinig Mac Agairt amach agus bhí sé le Ceithearnach do mharbú lom láithreach. Níor fheádh Ceithearnach aon chosaint a dhéanamh acht d'iarr sé deoch uisge ar Mac Agairt. "níl Soitheach ar bith agam" ar seisean "Tóg id' caipín é " arsan Ceithearnach. Nuair tháinig sé ar ais ámhthac bhí gach braon den uisge imthighthe trí poll a bhi sa chaipín. "Tóg ar chroidhe do dheárnan" é" arsa Ceithearnach. Do dhein Mac Agairt amhlaidh agus annsan do bhain sé an ceann den Ceithearnach de buille claidheamh agus d'imthigh sé as Inis Cathaigh ar fad. Nuair tháinig sé i dtír san áit go bhfuil "An Ceapac ann (Cappagh, Kilrush, Co. Clare). Nuair tháinig sé i dtír bhi Mac an Cheithearnaigh agus sluagh ann roimhe. D'aithnigh sé an claidheamh a bhí ag Mac Agairt agus do cheistigh sé é. " Cá bhfuairis an claidheamh sin". "Is liom fein é". arsa Mac Agairt. Tharraing Mac an Cheithearnaigh an claidheamh as
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Loingsigh
    Gender
    Male
    Address
    Querrin, Co. Clare