School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 275

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 275

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 275
  3. XML “Na Fíníní 1886-67”
  4. XML “An Troid i gCill Bheathach 1867”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (4)
    Nuair bhiodh Captaen dá thóghadh aca théighdís in áit uaigneach ist' oidhche. Oidhche amháin bhí cruinniu aca i gcorcac le Seán Mac Fhlannchadha, Cuibhreann. Tóghadh úncal m'athar Líam O Ó hEochaidhe in a chaptaen agus nuair a bhíodar ag teacht abhaile bhuail an tAthair De Faoite ortha agus thosnuigh sé ag seanchas leo. (Bhiodh droc-mheas ag an sagart sin ortha agus chúm sé amhrán 'gá gcáineadh)
    Nuair bhí sé ag seanchas leó an oidhce sin chualadar na póilíní at teacht. Bhí siad chun theiceadh acht dubhairt an sagart leo gan teicheadh - nár bhaoghal dóibh. Chuadar thar na póilíní a bhí ar an mbóthar agus ní facthas in aon chor íad.
    (Seámus Ó hEochaidhe ó m'athair)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (5)
    Ba hé Thomas Fennell ó Charraig a'Chabhaltaigh an Captaen ortha agus tráthnóna amháin le tuitim na h-oidhche chuaidh sé féin agus cúigear duíne déag go Cill-Bheathaidh (Kilbaha, Co. Clare) chun na nGárdaí-Cósta d'ionnsnighe. Chuala na póilíní i gCarraig a' Chabhaltaigh tráith air agus sgaoileadar gunnaí san aer mar cómhartha do ghárdaí na gCóstaí. Nuair do srois na Finníní Stáisiún na nGárdaí bhíodar ullamh rómpa. Thosnuigh an troid acht ní raibh acht aon ghunna amháin ag na Finníní - Goineadh Fennell le piléar sa chois, theith na Finníní agus cuireadh an fear gorta i bfolach i dtig le Seán Ó Cathain, Cill Bhaile Eoghain
    Thagadh an dochtúír gach oidhche ag freastal air. Lean na póilíní é, oidhche amháin agus ghabhadar Fennell.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people
        1. secret societies (~18)
          1. Fenians (~141)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó hEochaidhe
    Gender
    Male