Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Suíomh:
Doonaha, Co. Clare
Múinteoir:
Ed J. Headtromóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 274

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 274

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Leathanach 274
  3. XML “Na Fíníní 1886-67”
  4. XML “Na Fíníní 1886-67”
  5. XML “Na Fíníní 1886-67”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhiodh "Ciorcail" des na Finniní i nDún Átha agus i gCarraig a' Chabhaltaigh. Ba hé Thomas Fennell an Captaen a bhí ortha i gCarraig a' Chabhaltaigh. Bhiodh cruinnighthe agus drill aca ist'oidhche agus is minic a ghoididís capaill na gcomharsan nuair a bhiodh an cruinniú i bhfad ó bhaile. Thugaidís ar ais arís iad an chead oidhche eile. Is beag arm teine a bhí aca-gunna ag fó-dhuine.
    Duine des na Finníní ab'eadh uncal Sheáin Maguidir. Dúnátha ghoideadh a chapall féin oidhche amháin agus d'éirigh sé féin as na Finníní ar fad ansan.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Ghoid siad capall oidhche amháin ó mo shean-athair (Crawford) bhailigh se na comarsana agus chuir sé an tóir ortha. Tháinig sé suas ortha in aice le hAbhainn Dúin Átha agus bhagair na Finníní iad acht nuair chonnacadar go raibh fonn troda ar na comharsana chúca, theicheadar agus d'fhágadar an capall 'na ndiaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. people
        1. secret societies (~18)
          1. Fenians (~141)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus de Paor
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doonaha, Co. Clare
  3. Oidhche amháin bhí uncal mo mháthair in a luighe nuair do chuala sé doras an stábla dhá oscailt. D'féach sé amach agus chonnaic sé duine des na Finníní ag goid an chapaill. Lean sé é agus tháinig se suas leis an bhFinnin lámh le Dún Átha.
    Thóg an Finnín piostal as a phóca agus bhagruigh sé mo uncal mór acht níor chuir sé aon eagla air. Nuair chonnaic an Finnín é sin thúirling sé den chapall agus theit sé.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.