School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Doonaha, Co. Clare
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cois leasa dhain go h-uaigneach ar uair na maidne 'm aonar,
Le h-ais na Sion' imbruach chnuic ba shnuad- ghlaise scáil
Seadh, do dhearcas ainnir uaibhreach ba Shuaimhneach ba Shéanmar
Go réaltanach aerach ag téarnamh im dháil
Bhí a dlaoi-fholt daithte feactha fiár
Go cíortha, casta, creathac síos
Go slíomach snasta, sreathach, siar
Go slaodach go feoir,
A réalt- dhearca réidh' glas' ar eadan gan cas gan críon
Ag geár- caitheamh gaethe i gcleibhtibh gac treoinBa geanamhail geal a h-éadan gan ealaing acht oíge
'sa mala gharta caol deas bá chéir shnúighthe coír
Na leacain leabhair aol dath ba thréanmhar an rós bhruit
Sa ceol tana beo blasta córach gan cáin
Do líon me 'r fad le rachtaibh cléibh
Do bhíodghas mear mar ealtain éan
Do bhíos ar cheal am stad go léir
Ag léir- dhearc a clódh
Do shileas gur sídhe bhean do shíolruigh thar lear i gcéin
Nó an chaoin- bhean chneasta ó chroidhe 'n leasa bhí a teacht im 'dháil.- Informant
- Seán Lloyd
- Gender
- Male