School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 269

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 269

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 269
  3. XML “Filí na hÁite - Seán de hÓrdha”
  4. XML “Aithris Sheáin de hÓrdha 1770”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Aon uair eile chuaidh sé sall thar Shionainn go Ciarraighe agus bhris an long (bád) ? futha nuair bhíodar ingar don tráigh agus b'éigean dóibh snámh i dtír
    Bhiodar go h-ocrasach agus dubhradar go raghaidis isteach sa chéad tigh acht dubhairt duine aca nách leigfeadh an bhean sin aoinne isteac. "Cuirfead i ngeall leat go leígfidh sí isteach an triur againn" arsa Seán. "Bhuail sé cnag ar an ndoras, d'fhiafruigh an bhean á bhí ann agus arsa Seán.
    "Mise Seán de hÓrdha lúp ar lóp ón tuinn
    Tá in éinfeacht liom triúr stócach
    Is ní mór dóibh a ndóithin bídh
    D'olfaidís liom clár-fichchille ? is bainne bo a' ríoghacht
    Is éirigh suas a stóir - dhil is osgail dóirse do dhín?" (dúinn)

    Donnchadh Ó Coileaín ó Mhártan Treagháin
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. 1. A Mhic Mhuire na nGrás do cuireadh chun bháis,
    Is d'fulaing an Pháis pheannaideach,
    Do cheannuig Síol Ádhaimh le hAllus do chnámh
    Fuil 'agus cneadha dearga.
    Freagair me a ghrá beir m'anam i d'thráth
    Go Parrthas lán gradamach
    Ag caitheamh an tSoláis Fhada ghil bhreagh
    Idir Abstail is Árd -Aingillibh.

    2. Freagair me a Chríost a chara mo chroidhe,
    An charraig seo im' Chroidhe corruigh í,
    Is óm ' dhearcaibh leis síos srotha aithrighe
    Do bhéarfas go críoch flaithis mé,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish