School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 257

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 257

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 257
  3. XML “Na Liosanna”
  4. XML “Na Liosanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Lios Fuaim na hAdharca i bpáirc le Seán Maguidhir. Is ann atá an Fáthach Fuaim na hArharca curtha. (feách an sgeál fé ar leathanach-78. Níl sa "lios" sin acht carraig mhór. D'oscluighadh an uaigh sin cúpla uair (agus i 1936) acht ní raibh aon rud le fagháil. Ní raibh fios a gnótha ag an lucht tochailte pé sgéal é.
    Tá Lios i dtalamh le Tomás Ó Coileáin Dún Átha nó leath leasa agus deirtear go bhfuil an leath leasa eile oiriúnach do Thall i gCiarraighe, thar an Sionainn agus go bhfuil poll ar an leath leasa sin oiriunach do cloich sa leath leasa i nDún Átha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí bean i gCuibhreann uair amháin agus tháinig tinneas uirthi ná féadfadh aoinne é a leigheas. Chonnaic daoine an bhean chéadna an uair sin i lios in aice leis an dtráigh i gCuibhreann. Tháinig an sagart go dtí an tigh nuair chuir a muinntir fios air. D'eirig leis an ruaigeart do chur ar an sidheog a bhi sa tigh agus tháinig an bhean cheart ar ais slán go dtí a tigh féin ón lios.
    Nuair a bhí sí ag teacht as an lios do chaith na sidhéoga scraith lei, buaileadh ar a h-éadan leis agus d'fan rian an bhuille ar a h-aghaidh go lá a báis.
    Bhí fear ag teacht abhaile ó Dún Átha oidhche agus nuair bhi sé ag gabháil thar an lios i bpáirc le Seán Ó Cadhlaigh tháinig cú
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. legendary and spiritual places (~158)
        1. fairy forts (~5,616)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamas de Paor
    Gender
    Male