School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 254

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 254

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 254
  3. XML “Bacaigh na hÁite”
  4. XML “Bacaigh na hÁite”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    i nDún Átha trathnóna. Caitheadh lán an chorcáin de phrátaí ar an mbórd agus chuaidh muinntear a tighe amach sa mhacha ag déanamh rud éigin leis na buaibh. Nuair tháingadar ar ais bhi na prátaí go leír ithe aige agus é 'na shuidhe cois na teine ag caitheamh a phíopa ara shochracht.
    Ní raibh práta ar bith aca féin agus b'éigean dóibh an ciotal d'finchadh agus lae a dhéanamh. Nuair chonnaic sé an béile eile. Shuidh sé chun bhúird agus d'ith se trí ceathrúna den císte. D'eirigh sé on mbórd annsan chuaid amach agus d'iompaigh a ghoile agus chaith se gach rud uaidh.
    Chuaidh sé 'na chodladh cois na teine i rith na h-oidhche agus ar mhaidin lae ar na bháireach d'éirigh sé, d'ith sé a bhreacfast agus d'iompuigh a ghoile arís.
    Sa deireadh cuirteadh go dtí Tigh na nGealt in Inis íad ( an triúr). Tháinig an mathair ann lá chun chuairt do tabhairt ortha agus thug sí císte aráin leí mar feirín dóibh.Nuair d'imthigh sí arsa duine aca le n-a dhrithar. " Cé hí siud a thug an císte dúinn"? "Is dóca gurab i ár máthair í " arsa 'n drithár eile, " mar ní thabharfadh aoinne eile arán dúinn acht ár máthair".
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.