School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 236

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 236

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 236
  3. XML “Féilte na Bliana”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. NAOMH MHAÍRTÍN (Lá Fhéile Máirtín 11adh Mí na Samhna)

    Ar lá Féile Mairtín an 11adh de Mhí na Samhna sa ndúthaig seo deintear tímcill ag tobar beannuite í Rath an Uisge lámh le Cuibreann, Cill-Caoidhe, Co. an Cláir. Tobar Mháirtín is ainm don tobar sin agus ainmníghtear an dúthaig sin uaidh freisin (St Martin's). Deirtear gur chómhnuig triúr drithearaca san áit seo fadó, Naomh Creadán, Naomh Crónán, Naomh Máirtín. Bíonn a lán nósanna dá gcleachtadh ag muinntir na h-áite in onóir Naoimh Máirtín.
    (DOIRTEADH FOLLA)
    Ar an oidhce roimh ré deintear FUIL ÉIN TÍGE ÉIGIN DO DHOIRTEAD (mar sicín, gé srl.)
    Marbhuígheann alán daoíne trí cinn díobh in éinfheacht. Leigtear don fhuil sin dul tríd an dtalamh úaireannta agus ní h-óltar ríamh í. Úaireannta eile TRÍOMUÍGHTEAR Í agus coimeadtar 'na cnapán í agus deirtear go bhfuil leigheas do gach pían inntí.
    Uaireannta eile caitthear ar na dóirse é fé mar a dhein Cloinn Israel fadó an oidhche a tháinig Aingeal an bháis ar na h-Eígiptigh. Úaireannta eile CAITTHEAR AN FHUIL SIN INS NA BOTHÁIN AGUS CRÓITHE.
    Bhí sé de nós aca go dtí fiche blíana ó shoin GAN CAPALL D'OIBRIÚ ar an lá sin ná aon inneall le roth ann d'oibriú mar dheiridís go marbhuiígheadh Máirtín i muileann. Tá alán sgéalta ag baint leis an mí-ádh a tháinigh ar dhaoíne a sháruigh an geasa sin. Bhí Protastúnach darbh ainm dó Cox i ná cómhnuíde lámh leis an dtobar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchad Ó Coileáin
    Gender
    Male
    Address
    Doonaha, Co. Clare
    Informant
    Séamus Ó hEocaidhe
    Gender
    Male
    Address
    Doonaha, Co. Clare
    Informant
    Séamus Ó Scannláin
    Gender
    Male
    Address
    Doonaha, Co. Clare