School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 231
  3. XML “Ceirdeanna agus Ceardaithe na Dúiche Seo Fadó”
  4. XML “Ceirdeanna agus Ceardaithe na Dúiche Seo Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tairngí: Bhí fear i gCarraig a' Chabhaltaig 40 blíana o shin a deineadh íad. Ba h-é Matt Dunword.
    Dóghadh Aoil: Bhí áth i nDún Átha 40 blíana ó shin agus tá a rían le feiscint ann fós in aice leis an dtráígh bán. Bhí gráta ann ar a chuireadh na clocha aoil agus teine fén ngráta sin. Nuair a bhí sé dóighte thagadh sé amach ar nós plúir trí phíobán. Bhí ceann eile annso in aice le tigh Sheáin Maguidhir acht níl fios ceart ag aoinne cé an áit.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. trades and crafts (~4,680)
    Language
    Irish
    Collector
    Séamas Ó Scannláin
    Gender
    Male
  2. Meilt Cruithneachtan:- Meilidís cruithneacht agus coirce annso agus bhíodh clocha meilte nó quern í ngach tigh agus tá fós cé go bhfuil síad imthighte as úsáid anois. Beirt cailín a bhíodh ag casadh na cloice, lámh ag gach duine aca ar an hannla agus iad ag caitheamh na cruithneachtan idir na clocha le na lámha eile. Thagadh an plúr amach ar bhraitlin a bhí fé na cloca díreach núair a bhí sé meilte. Tugtaí cuid de dos na páistí "Mín agus bainne". Bhí cloch meilte í bpáirc le Seán Ó Cadhlaigh go dtí le deanáighe agus a ainm scriobhta air on mblíadhain 1847.
    Déanamh lín 45 bhliana o shoin:-
    D'fásadh gach feirmeóir líon sa bportach (ceathrú ácra nó leath-ácra an duine). Baineadh é agus cuireadh í bpoll uisge sa bportach é chun é do bogadh. Tógadh amach é agus d'fagadh sa bportach go ceann cupla lá é. Tugadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.