School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Doonaha, Co. Clare
- Teacher: Ed J. Headtromóin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
- XML Page 229
- XML “Scoileanna”
- XML “Scoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhí í mbun na scoile sin. Aon fhuinneog bheag.
Coinnle ist'oidhche. Bínnse chun scríobhadh air.
4/= an Ráithe. Ní labhradh aon gaedhilg innti. Ar oscailt 4 úaire a cluig sa ló agus 2 úair san oidhche.
Múintí gaedhilg agus SGÉALTA FÍANNAIDHEACHTA 50 blíana ó shoin ag (1887) THOMAS HEDDERMAN sa bportach í dTulach ( An Chrois, Carraig a' Cabaltaig, Co an Chláir )Do cómhnuig sé le n-a clíamhain, Seán Ó Néil. Ní bhíodh aon táille le h-íoc ag a scolairí acht tugadh gach aoinne aca féirín do mar tobac, prátaí, bainne agus rl. Suidhidís ar " Bosses " leath-bharrail no bluic adhmaid agus súgáin casta ortha.
Bhí scoil í bpáirc le Tomás De Paor í gCuíbhreann freisin san am chéadna.
Séamus Ó hEocaidhe agus Bean Uí Cobhthaigh
DúnÁtha, Cill-Chaoidhe, Co an Chláir - Bíodh oide príobhaideac ag muinntir Loideain ( Brown Tom Liddane ) í dTulac, An Chrois, Iarthar an Chláir. Feirmeóir saidhbhir ab'eadh é agus bhí 14 paistí aige. Fuair sé " Latin Teacher " cun a bpáistí féin agus páistí a gaolta do muineadh. Comnuighead sé sa tigh le Brown Tom agus is sa tigh sin a bhiodh na ranganna ar siubal agus laidin mar adhbhar leiginn aca.90 blíadhna ó shoin théigead mo shean mhathair go scoil scairte(continues on next page)