School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 221
  3. XML “An Cholera 1847, 1848 in Iarthar an Chláir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sí go dona in Íarthar an Chláir agus do marbhuígheadh a lán daoine. Bhí líos í Mágh Fhearta (Carraig a Chabhaltaigh, Co. an Chláir) agus cuireadh na cuirp isteach sa gclais a bhí leath'smuigh den lios agus líonadh fallaí críadha a' leasa isteach ar na corpaibh. Níl rían de'n líos ann anois acht leanadh de nós (cuirp d'adhlachadh san áit) agus sin é a thosnuigh an Roilig í Mágh Fhearta. Tá an áit mhaol gan leacht le feiscint sa Reilig sin go dtí an lá indiú in ar cuireadh na daoine a mairbh an Cholera. Ní oscalóchthar an áit seo go ceann 100 blian ó 1848.
    Aon pharóiste amháin a bhí annso ó Poll an Oisire go Ceann Léime (san áit go bhfuil Paráiste Carraige a'Chabhaltaigh agus Paráiste Cille Bhaile Eógain anois agus cómhnuigheadh na sagairt í gCarraig a' Chabhaltaigh.Do cailleadh an Sagart Paróiste Father Pat Meehan leis an bpláig. Tháinig Sagart ó Cill Ruis(Father Malachy Duggan) chun an Ola Dhéidheannach do cur ar na daoine tinne. Do cailleadh é freisin leis an gColera,
    Bhí 40 tíghthe ar an mBóthar Uaigneac le na linn sin, áit nach bhfuil acht ceithre cinn anois. (Dúnátha, Cill-Chaoidhe) leagadh an chuid eile i ndhiaidh imirce agus colera. D'adhlacadh na daoine lom láithreach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Ó Duibhir
    Gender
    Male
    Address
    Kilkee, Co. Clare