School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Doonaha, Co. Clare
Teacher:
Ed J. Headtromóin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 217

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 217

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dún Átha, Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 217
  3. XML “Timpistí Eile”
  4. XML “An Cogadh Mór (1914-1918)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    1887
    Badadh Captain Webb agus fuarthas a chorp sa Cúisín láimh le Cill Chaoidhe ar an gclochar.Bloc reamhar de fear láidir ab' eadh é agus ceaptar gur éirig leis snamh i dtír acht go raibh sé tuirseachh caithte traochta annsan agus go bhfúair sé bás ar an dtráig. Ni raibh marc, créacht ná gomeadh ar bith ar a chorp.
    November 1910.
    Bádhadh trúir i gCuan Cille Caoidhe agus iad ag íasgaireacht oidhche. Bhí na h-eisg go gann roimhe sin acht ar mhí-ádhmharaighe an domhain bhiodar go flúirseach an oidhche sin. Tugadar lán líonta d'éisg i dtír leo agus amach sa bágh arís leo chun an tarna last do thabhairt isteach. Ba sin é deire a sgéil. Is docha gur lionadar an bádh ró-mhór agus gur cuireadh go toin na fairrge iad, gur chúaidh na h-iasgairí bochta in achrann leis an líon agus gur bádhadh iad. Fúarthas cuirp na beirte drithár Mac Con na Mara sna Gabhaga i mbág Cille Chaoidhe sé seachtmaine na dhiaidh sin agus corp an duine eile Ó h-Úallacháin (The "Dumby" Houlihan) i Lios Ceanair 30 míle ón áit seo. Snámhthóirí maithe iad go léir: Fúarthas na cuirp go léir ar an lá chéadna.
    An Cogadh Mór (1914 - 1918)
    Le linn an cogaidh sin a bheith ar siubhal do chuir báid-fo-thuinn na Gearmáine alán loingeas go tóin na fairrge
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.